Céard le tabhairt ar an guthán naofa?

Tugadh go minic “The Jesus Phone” ar an iPhone. Cloisim féin é go minic, ar aon nós, agus mé san oifig i measc na dearthóirí agus innealtóirí. Úsáidtear an téarma siúd ag cuid daoine mar moladh, agus ag cuid eile go ciniciúil. Pé brí ann, má úsáideann tú an leasainm sin, tá tú ag admháil gur objet faoi leith atá ann.

An bhféidir liom “Íosaghuthán” a thabhairt air agus gan a bheith i mo cheap magaidh?

This entry was posted in As Gaeilge. Bookmark the permalink.

Comments are closed.