1 00:00:09,350 --> 00:00:10,940 Beidh dath glas le feiceáil 2 00:00:10,940 --> 00:00:15,100 ar chuid de mhóriontais nádúrtha an domhain ar lá l’ Pádraig na bliana seo, 3 00:00:15,110 --> 00:00:17,540 mar chuid de fheachtas Tourism Ireland 4 00:00:17,550 --> 00:00:20,300 borradh a chur faoi chúrsaí turasóireachta sa tír. 5 00:00:20,340 --> 00:00:23,010 Cé nach mbeidh balla mór na Síne ina measc, 6 00:00:23,010 --> 00:00:27,130 ní shin le rá nach dtiocfaidh ardú ar líon na gcuairteoirí as an tír sin 7 00:00:27,170 --> 00:00:32,880 de bharr an aird a tharraing cuairt leasuachtarán na Síne ar an tír le cúpla lá anuas. 8 00:00:33,880 --> 00:00:36,330 Tá cúrsaí turasóireachta mar chuid lárnach 9 00:00:36,340 --> 00:00:39,780 de phleananna athbheochana an Rialtais do gheilleagar na tíre seo 10 00:00:39,810 --> 00:00:44,890 agus súil acu go méadóidh an líon turasóirí a mheallfar go hÉirinn ón tSín go mór, 11 00:00:44,940 --> 00:00:48,540 de bharr an clúdach go léir atá faighte ag cuairt leasuachtaráin na Síne, 12 00:00:48,570 --> 00:00:52,360 Xi Jingping, chun na tíre seo le laethanta beaga anuas. 13 00:00:52,490 --> 00:00:57,380 Tá clúdach forleathan déanta ag meáin na Síne ar chuairt an leasuachtaráin 14 00:00:57,390 --> 00:01:01,530 agus íomhánna de chultúr agus de mhórionaid thurasóireachta na tíre seo 15 00:01:01,550 --> 00:01:03,710 craolta ó cheann ceann na tíre sin. 16 00:01:06,880 --> 00:01:11,160 Mealladh 7.4 milliún turasóir ó thar lear go hÉirinn anuraidh 17 00:01:11,170 --> 00:01:15,670 agus b’fhiú breis is 3 billiún go leith euro do gheilleagar na tíre seo iad. 18 00:01:15,770 --> 00:01:18,520 Tá súil cur leis an líon sin i mbliana. 19 00:01:18,710 --> 00:01:20,700 Tá an tSín ar cheann de na tíortha 20 00:01:20,710 --> 00:01:24,620 atá clúdaithe ag clár víosa speisialta a sheol an Rialtas anuraidh, 21 00:01:24,650 --> 00:01:29,320 rud a chiallódh nach mbeadh víosa breise ag teastáil uathu cuairt a thabhairt ar Éirinn 22 00:01:29,330 --> 00:01:33,330 dá mbeadh víosa faighte cheana féin acu le taisteal chun na Ríochta Aontaithe, 23 00:01:33,350 --> 00:01:35,940 rud a d’fhéadfadh breis cuairteoirí a mhealladh anseo 24 00:01:35,950 --> 00:01:38,900 le linn na gCluichí Oilimpeacha i Londain sa samhradh. 25 00:01:39,100 --> 00:01:41,450 Mar chuid freisin don gchur chuige úd 26 00:01:41,480 --> 00:01:44,120 tá pleananna fógartha ag Tourism Ireland inniu 27 00:01:44,130 --> 00:01:47,310 leis an gceiliúradh is mó a deineadh riamh ó cheann ceann na cruinne 28 00:01:47,330 --> 00:01:49,760 a dhéanamh i mbliana ar Lá Fhéile Pádraig. 29 00:01:49,770 --> 00:01:51,430 Mar chuid de na pleananna sin, 30 00:01:51,440 --> 00:01:56,170 beidh dath glas le feiceáil ar chuid de mhóriontais nádúrtha an domhain ar an lá úd, 31 00:01:56,180 --> 00:01:59,590 ar nós Easanna Niagra ar theorainn Mheiriceá agus Cheanada, 32 00:01:59,600 --> 00:02:02,290 agus Table Mountain na hAfraice Theas, 33 00:02:02,380 --> 00:02:05,520 chomh maith le bheith le feiceáil ar chuid d’fhoirgnimh mhóra an domhain; 34 00:02:05,540 --> 00:02:08,900 leithéidí an Empire State i Nua Eabhrac, an London Eye, 35 00:02:08,920 --> 00:02:11,150 agus ar an túr teilifíse i mBerlin. 36 00:02:11,180 --> 00:02:13,140 Ruairí Mac an Iomaire, Nuacht TG4.