1 00:00:09,530 --> 00:00:13,450 Tá sé ráite ag dochtúirí comhairleacha in ospidéal na Gaillimhe 2 00:00:13,470 --> 00:00:16,190 go mbeidh orthu fáil réidh le leath de na leapacha 3 00:00:16,200 --> 00:00:18,540 atá ar fáil d’obráidí ortaipéideacha 4 00:00:18,550 --> 00:00:22,190 mar gheall ar an mbac atá ar earcú foirne san earnáil phoiblí. 5 00:00:22,230 --> 00:00:24,980 Seacht míle duine atá ar liosta feithimh 6 00:00:24,990 --> 00:00:26,990 san aonad ortaipéideach faoi láthair. 7 00:00:27,000 --> 00:00:29,170 Deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 8 00:00:29,180 --> 00:00:33,580 go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar chúrsaí foirne insna hospidéil. 9 00:00:34,590 --> 00:00:37,550 Tá Pat O’Loughlin bacach le ceithre bliana 10 00:00:37,580 --> 00:00:39,380 ó bhuail pian glúine é. 11 00:00:39,390 --> 00:00:42,950 dúradh leis go mbeadh air dul faoi scian 12 00:00:42,990 --> 00:00:45,750 san aonad ortaipéideach in Ospidéal Pháirc Mhuirlinne 13 00:00:45,760 --> 00:00:49,290 agus glúin nua a fháil. Tá sé ar liosta feithimh ó shin. 14 00:00:58,730 --> 00:01:02,280 Cuid den údar nach bhfuil othair á bhfeiceáil go scafánta san aonad seo 15 00:01:02,290 --> 00:01:05,270 ná go bhfuil bac ar earcú foirne san earnáil phoiblí. 16 00:01:05,350 --> 00:01:07,400 Tá roinnt altraí tar éis gaibhte ar pinsean 17 00:01:07,430 --> 00:01:10,890 agus tá grúpa altraí eile le n-imeacht ag deireadh na míosa seo chugainn. 18 00:01:11,050 --> 00:01:12,980 Deir dochtúirí comhairleacha san aonad 19 00:01:13,010 --> 00:01:15,010 go mbeidh orthu an méid obráidí a dhéanann siad 20 00:01:15,020 --> 00:01:17,510 a laghdú caoga faoin gcéad, de cheal altraí. 21 00:01:17,670 --> 00:01:19,790 Mar shampla, ba cheart go mbeadh os cionn 22 00:01:19,800 --> 00:01:21,520 ochtar altra san obrádlann 23 00:01:21,530 --> 00:01:24,290 ach faoi mhí Feabhra ní bheidh ann ach ceathrar, 24 00:01:24,320 --> 00:01:27,340 rud a chuirfeas leis an méid fanachta a bheas ar othair. 25 00:01:27,410 --> 00:01:31,760 An tseachtain seo caite chas dochtúirí comhairleacha leis an Aire Sláinte 26 00:01:31,780 --> 00:01:34,730 lena gcuid imní faoi shábháilteacht othar a chur in iúl. 27 00:01:34,790 --> 00:01:38,090 Deir siad go bhfuil seacht míle duine ag fanacht ar chóir leighis 28 00:01:38,110 --> 00:01:40,600 agus gur i méid a bheadh an liosta feithimh ag dul, 29 00:01:40,610 --> 00:01:43,300 mura bhfaighfear réidh leis an mbac ar earcú foirne. 30 00:01:43,350 --> 00:01:46,230 I ráiteas, deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte 31 00:01:46,240 --> 00:01:48,880 go bhfuil an Príomhfheidhmeannach nua, a ceapadh ar Ospidéal na Gaillimhe 32 00:01:48,890 --> 00:01:52,680 i mbun athbhreithnithe ar na hospidéil ar fad agus ar chúrsaí foirne. 33 00:01:52,720 --> 00:01:55,200 Cé go bhfuil bac ar earcú foirne, tá sé ráite cheana féin 34 00:01:55,200 --> 00:01:57,090 ag an Aire Sláinte, James Reilly, 35 00:01:57,020 --> 00:01:59,310 gurb fhéidir go bhféadfaí solúbthacht éigint a chur i bhfeidhm 36 00:01:59,340 --> 00:02:01,840 a bheadh chun tairbhe d’ospidéal na Gaillimhe. 37 00:02:01,920 --> 00:02:05,210 Máire Treasa Ní Cheallaigh, Nuacht TG4, i nGaillimh.