1 00:00:13,270 --> 00:00:17,380 Tháinig ardú ar luach scaireanna ar stocmhargaí an domhain inniu 2 00:00:17,480 --> 00:00:21,230 agus súil le réiteach ar an ngéarchéim i limistéar an euro. 3 00:00:21,320 --> 00:00:24,760 Tuairiscítear go bhfuil an Fhrainc agus an Ghearmáin ag dul i dtreo 4 00:00:24,800 --> 00:00:28,950 comhaontas fioscach roimh chruinniú mullaigh na míosa seo chugainn. 5 00:00:28,990 --> 00:00:32,400 Idir an dá linn, thug an OECD foláireamh inniu go bhféadfadh 6 00:00:32,420 --> 00:00:37,190 cúlú eacnamaíochta a bheith i ndán don limistéar de bharr na géarchéime. 7 00:00:38,310 --> 00:00:40,690 Tháinig stocmhargaí chucu féin inniu 8 00:00:40,700 --> 00:00:43,560 agus tuairiscí ann go raibh an Ghearmáin agus an Fhrainc ag tabhairt 9 00:00:43,570 --> 00:00:47,190 aghaidh ar deireadh, chun an ghéarchéim fiachais a réiteach. 10 00:00:47,690 --> 00:00:50,680 Tuigtear go bhfuiltear ag iarraidh go mbunóidh na tíortha is seasmhaí 11 00:00:50,680 --> 00:00:54,240 i limistéar an euro aontas a ligfeadh dóibh bainistiú 12 00:00:54,250 --> 00:00:58,530 agus comhtháthú níos doimhne a dhéanamh ar gheilleagar an limistéir. 13 00:00:58,910 --> 00:01:02,670 Creideann go leor ballstát go luíonn an réiteach sa Bhanc Ceannais Eorpach 14 00:01:02,750 --> 00:01:04,700 in ainneoin dhrogall na Gearmáine. 15 00:01:04,750 --> 00:01:07,730 D’fhéadfadh siad thar oíche, na bannaí, 16 00:01:07,740 --> 00:01:11,780 na fiacha a cheannach ón Iodáil nó ón bhFrainc nó muid féin 17 00:01:11,850 --> 00:01:14,760 agus d’fhéadfadh siad freisin airgead a phriontáil, euro a phriontáil 18 00:01:14,760 --> 00:01:18,520 mar a dhéanann siad i Meiriceá agus sa Bhreatain: Quantitative Easing mar a thug siad air. 19 00:01:18,570 --> 00:01:21,560 Sin dhá bhealach chun an fhadhb a shocrú 20 00:01:21,570 --> 00:01:24,530 ach ceapaim féin go bhfuil siad ag fanacht go mbeidh 21 00:01:24,520 --> 00:01:29,540 na fadhbanna níos bunúsaí socraithe go ndéanfaidh siad an socrú sin. 22 00:01:29,750 --> 00:01:33,860 Anuas ar an donas, dúirt an ghníomhaireacht rátála creidmheasa Moody’s 23 00:01:33,930 --> 00:01:36,660 go raibh todhchaí an euro idir dhá cheann na meá 24 00:01:36,660 --> 00:01:40,440 agus go raibh bagairt ann, fiú do na tíortha is láidre sa limistéar. 25 00:01:40,940 --> 00:01:44,780 Agus dúirt an OECD go bhféadfadh cúlú eacnamaíochta eile 26 00:01:44,770 --> 00:01:47,380 a bheith ar na bacáin de bharr na géarchéime. 27 00:01:47,440 --> 00:01:50,420 Chomh maith leis sin, bhí ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta 28 00:01:50,430 --> 00:01:53,490 tuairiscí a shéanadh inniu go raibh siad ag fáil iasachta 29 00:01:53,510 --> 00:01:55,690 sé chéad billiún euro don Iodáil 30 00:01:55,740 --> 00:01:59,810 chun cabhrú leis an tír sin an buiséad a chothromú laistigh de dhá bhliain. 31 00:01:59,900 --> 00:02:04,570 Bhí ar an tír inniu 7.2% a íoc ar bhannaí dhá bhliain déag, 32 00:02:04,610 --> 00:02:08,090 costas a mheastar atá ró-ard le bheith inmharthana. 33 00:02:08,160 --> 00:02:10,880 Micheál Ó Leidhin, Nuacht TG4